Results

Sinn Féin

01/17/2017 | News release | Distributed by Public on 01/17/2017 12:09

Caithimid béim a chur ar an ngaeloideachas – Tóibín

17 January, 2017 - by Peadar Tóibín TD

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Peadar Tóibín, gur cóir go mbeadh níos mó airde dírithe ar an éileamh atá ann don Ghaeloideachas, nach bhfuil á shásamh faoi láthair ag an rialtas.

Ag labhairt dó inniu dúirt an Teachta Tóibín:

'Tá an-chuid cainte na laethanta beaga anuas ar fad ar chóras oideachas cuí a bheith ar fáil dár bpáistí. Tá an 'bac baisteadh' inár scoileanna go mór i mbéal an phobal agus an Roinn Oideachas chun dul i ngleic leis an idirdhealú atá á dhéanamh ar pháistí nach dtagann ó chúlra reiligiúnda.

'Cé go bhfuil tábhacht mór ag baint leis an gceist seo, tá saincheisteanna níos threise le plé a bhfuil an rialtas agus an Roinn Oideachas ag déanamh neamhaird orthu. Ag déanamh tagairt ar cheist an Ghaeloideachas ach go háirithe atáim.

'De réir taighde a bhain an ESRI amach, tá 23% de thuismitheoirí na tíre ag éileamh oideachas trí mheán na Gaeilge ach níl ach 4.7% dos na bunscoileanna atá againn ag feidhmiú mar Ghaelscoileanna. Is léir go bhfuil géarghá leis na faidhbe seo a phlé ar bhonn cuimsitheach, dáiríre.

'Is gá don rialtas ar a laghad an aird céanna a dhíriú ar sholáthar gaeloideachas agus mar a thugann siad do cheist na riachtanais reiligiúnda scolaíochta. Tá sé de cheart ag gach clann rogha a bheith acu maidir le cúrsaí oideachais agus an deis a bheith ann do pháistí freastal ar ghaelscoil.'