TG4 - Teilifís na Gaeilge

07/10/2017 | Press release | Distributed by Public on 07/11/2017 11:23

Rocky Ros Muc ag teacht abhaile

Scrúdaíonn Rocky Ros Muc an spiorad a bhain le bheith ag troid sa bhfáinne agus an trioblóid lasmuigh de chomh maith le cúrsaí imirce agus an tionchar a bhíonn aige ar fhéiniúlacht an duine. I lár na seachtóidí a d'fhág Seán Ó Mainnín Gaillimh le haghaidh a thabhairt ar Bhostún. Ba mhór an t-athrú ó bheith i Ros Muc go dtí bheith in iomaíocht do chraobh an domhain sa dornálaíocht; ó bheith i do chónaí i mbaile beag Gaeltachta i gConamara go dtí saol na coiriúlachta i measc 'Whitey' Bulger ar shráideanna achrannacha Bhostúin.

Insíonn Rocky Ros Muc scéal Sheáin Uí Mhainnín; a shaol, a ghairm dornálaíochta, agus an thuas seal, thíos seal a bhain lena shaol. Fear a raibh anam agus cruas ann a raibh misneach agus mórtas ag roinnt leis. Léiriú é seo de chuid Below the Radar i gcomhar leis an ILBF, MG Alba agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Arna stiúradh ag Michael Fanning agus arna léiriú ag Máire Bhreathnach. Is é Rónán Mac Con Iomaire a scríobh agus a bhí ina léiritheoir comhlach.

Breis Eolas:

Teagmháil do na meáin: - Linda Ní Ghríofa, - 087 9172864 E-mail: [email protected]

Cuir aithne orainn: