Sinn Féin

01/17/2017 | News release | Distributed by Public on 01/17/2017 12:09

Caithfidh Rialtas na hÉireann agus an DUP meas a léiriú ar phobal na Gaeilge – Tóibín & Ó Clochartaigh

17 January, 2017 - by Peadar Tóibín TD, Trevor Ó Clochartaigh

Dúirt An Teachta Peadar Tóibín agus An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh nach leor don rialtas i mBaile Átha Cliath a bheith ag impí ar an DUP meas a léiriú don Ghaeilge nuair atá ag teipeadh orthu le blianta an meas céanna a léiriú do lucht na Gaeilge sna 26 chontae.

Ag labhairt dóibh ag agóid taobh amuigh de Theach Laighean anocht, dúirt siad:

'Taimid anseo chun tacú leis na hiarrachtaí leanúnacha atá ar siúl ag grúpaí Gaeilge ó thuaidh a gcuid cearta teanga a bhaint amach. Anois tá súile an domhain mhóir oscailte don bhigóideachas a bhaineann le dearcadh an DUP ar an teanga. I gcomhthéacs a raibh le rá ag an iar-Aire Edwin Poots inniu ar raidió, nár aontaigh an DUP le hAcht na Gaeilge in aineoinn gur shínigh siad Comhaontú Chill Rímhinn, tá sé tábhachtach go dtuigeann pobal na Gaeilge go seasann muid leo agus nach ligfidh Sinn Féin don DUP an dímheas céanna a thaispeáint in aon chomhrialtas eile a thiocfaidh i bhfeidhm'

'Ar an lámh eile reachtáil muid an agóid anseo le cur in iúl don Rialtas anseo nach bhfuil siad ag déanamh mar is ceart agus mar ba choir ó thaobh pobal na Gaeilge sna 26 chontae. Tá sé soiléir le tamall fada anuas gur cuma leis an Rialtas seo faoi thodhchaí na Gaeilge. Tá Aire Gaeltachta againn nach bhfuil sásta bualadh le grúpaí Gaeilge. Díreach ar maidin foilsíodh clár reachtaíochta don téarma Dála seo agus níl oiread is tagairt amháin d'Acht na dTeangacha Oifigiúla ann. Caithfidh rialtas Fhine Gael agus a lucht tacaíochta i Fianna Fáil bearta a dhéanamh de réir briathair anseo agus brú a chur ar Aontachtóirí ar mhaithe le cearta phobal na Gaeilge ó thuaidh.'