Sinn Féin

01/11/2017 | News release | Distributed by Public on 01/11/2017 15:17

Ó Donnghaile ag iarraidh tacaíochta d'agóid Líofa

11 January, 2017 - by Niall Ó Donnghaile

Tá an Seanadóir Niall Ó Donnghaile ag iarraidh ar ghníomhaithe Gaeilge a dtacaíocht a thabhairt don agóid 'Bursaries not Boilers'. Beidh an agóid ar siúl i mBéal Feirste amárach.

Dúirt Ó Donnghaile:

'Tá an Dream Dearg ag reachtáil agóide amárach ag 1230in, taobh amuigh d'oifigí na Roinne Pobail in Bedford St.

'Is í cúis na hagóide seo fearg an phobail a chur in iúl; i dtaca leis an chinneadh a rinne an tAire faoi na sparánachtaí Líofa.

'D'aonturas a rinneadh an masla seo agus is minic a léiríonn baill den DUP dímheas don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge.

'Is le gach duine an Ghaeilge, ní bagairt ar aon duine í. Caithfear meas a bheith ann di.

'Is as gach cúlra a thagann cainteoirí Gaeilge agus tá siad dubh dóite leis an easpa measa i leith na Gaeilge.

'Teastaíonn uathu sochaí a mholann agus a thacaíonn le forbairt cultúrtha agus le heagsúlacht teangeolaíoch; sochaí ina bhfuil reachtaíocht agus cosaintí i bhfeidhm nach ligfeadh do Paul Givan agus a leithéidí cinntí scannalacha mar seo a dhéanamh.

'Ba chóir don Aire Givan éisteacht leis an phobal, an cinneadh a fhreaschur agus na sparánachtaí Líofa a thabhairt ar ais.'