Department of Finance - Northern Ireland Government

12/14/2016 | Press release | Distributed by Public on 12/21/2016 09:04

Buaileann an tAire le gairmithe dlí faoi úsáid na Gaeilge sna cúirteanna

Bhuail an tAire Airgeadais Máirtín Ó Muilleoir le gairmithe áirithe dlí le plé a dhéanamh ar a dtuairimí maidir le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Cuireann an tAcht 1737, atá fós i bhfeidhm anseo, ceanglas ar dhlíodóirí imeachtaí cúirte a chur i gcrích i mBéarla. In 1863, rinneadh aisghairm ar choibhéisí den Acht a reáchtáladh i Sasana agus in Alban i 1731 agus an Acht a reáchtáladh sa Bhreatain Bheag in 1733.

Dúirt an tAire: 'Mar Aire atá freagrach as rialáil a dhéanamh ar lucht dlí, ba mhaith liom cosaint a dhéanamh ar chearta dhlíodóirí a labhraíonn Gaeilge, mar aon leo siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna agus inniu, tá mé ag cloisteáil ó roinnt cleachtóirí dlí faoi úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

'Ní hé seo an cineál reachtaíochta atá in úsáid in aon áit eile sna hoileáin seo. D'ardaigh mé an cheist leis an Aire Dlí agus Cirt agus leanfaidh mé orm ag dul i gcomhairle le grúpaí Gaeilge agus le grúpaí dlí le cíoradh a dhéanamh ar an bhealach is fearr chun tosaigh ar an cheist seo.'

The english language version of this press release is available at the link below.

Nótaí don eagarthóir:

  1. Cláraigh agus faigh nuacht seachtainiúil an Aire(external link opens in a new window / tab) , leis na scéalta is déanaí ón Aire Airgeadais, Máirtín Ó Muilleoir.
  2. Lean muid ar twitter @dptfinance(external link opens in a new window / tab) agus tabhair 'like' d'ár leathanach Facebook ag www.facebook.com/dptfinance(external link opens in a new window / tab) .
  3. I gcás fiosrúcháin na meán, déan teagmháil le Preasoifig na Roinne Airgeadais ar 028 9081 6724 nó cuir ríomhphost chuig [email protected]. Le teagmháil lasmuigh de ghnáth uaireanta oibre, téigh i dteagmháil leis an Phreasoifigeach ar Dualgas ar an uimhir ghlaoire 07623 974383 agus cuirfear scairt ar ais ort.

Share this pageFacebookTwitter