TG4 - Teilifís na Gaeilge

10/21/2017 | Press release | Distributed by Public on 10/20/2017 07:25

Seoladh clár faisnéis de chuid TG4, An Pháirc

Seoladh clár faisnéis de chuid TG4, An Pháirc, faoi Páirc Uí Chaoimh i gCorcaigh tráthnóna. I mbruachbhaile Bhaile an Teampaill, cóngarach do lár chathair Chorcaí agus buailte leis an Laoi, tá Páirc Uí Chaoimh, nó 'An Pháirc' mar a tugtar air go háitiúil. Beidh an clár seo atá léirithe ag Nemeton TV á chraoladh ar TG4 ar an Céadaoin 27 Meán Fómhair ag 9.30pm

Le breis is 100 bliain anuas, is anseo a bhailíonn muintir an deiscirt le cheile le súil a chaitheamh ar imeachtaí eipiciúla spóirt, ina mbíodh laochra ildánacha an lae ag tabhairt aghaidh ar a chéile, ar bhannaí & ceoltóirí idirnáisiúnta móra le rá ag seinnt agus ar mhór-imeachtaí cultúrtha eile nach iad.

Anois agus atógáil agus athchóiriú ollmhór déanta, féachann An Pháirc siar ar chuid de na himeachtaí is tábhachtaí a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal agus tapaíonn sé an deis cuid de na scéalta is suimiúla a thabhairt chun solais arís.

Chomh maith le sin, tugann an clár léargas den scoth ar an phróiseas atógála, ag taifead le breis is dhá bhliain anuas, ó leagadh an sean-staid go dtí oscailt an staid nua le chluichí ceathrú ceannais iomána na hÉireann.

Sa chlár cloistear ó laochra mór peile agus iománaíochta thar na blianta idir Billy Morgan, Jack O'Shea, Paul Flynn, Seán Óg Ó hAilpín agus Barney Rock, mar aon le Micheál Ó Muircheartaigh agus an t-eagraí ceolchoirm Oliver Barry a thug a leithead duine ar nós Michael Jackson agus Prince go Corcaigh.

Dúirt Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, 'Is cuid de stair agus de sheanchas CLG agus Chorcaí í an staid seo. Maireann cuimhní gléineacha ar mhór-chluichí agus ar choirmeacha ceoil ag na scórtha míle duine a bhí i láthair. Tabharfaidh an clár seo siar muid ar bhóithrín na smaointe.'

Léirithe ag Nemeton TV le stiúriú ó Ronan O'Donoghue, is clár riachtanach é An Pháirc do lucht leanúna spóirt agus ceoil ar fur na tíre.

An Pháirc: 9.30pm, Dé Céadaoin 27 Meán Fómhair ar TG4
Athchraoladh ag 7.15pm, Dé Sathairn 30 Meán Fómhair.

Breis Eolas:

Fintan Walsh, Léiritheoir, Nemeton TV [email protected] 058 46499 085 7356329
Rónán Ó Coisdealbha, Eagraí Spóirt TG4 - [email protected] : 087 2472841

Cuir aithne orainn: