National University of Ireland, Galway

09/04/2017 | News release | Distributed by Public on 09/04/2017 09:57

NUI Galway Offers Congratulations to the Galway Hurling Teams

Galway All-Ireland Senior Hurling Champions 2017. Photo: Galway Bay FM

NUI Galway offers heartiest congratulations to Micheál Donoghue, his talented players and committed backroom team on their massive win yesterday against Waterford in the All-Ireland Senior Hurling Final, and to the Galway Minor team following their win over Cork to make it an historic double for the west.

Their performance over the past season has made the University proud and highlighted the talent and commitment of the players and backroom teams.

NUI Galway is particularly proud to have nine players, both students and graduates, on the 2017 panel. Brothers Cathal and Padraic Mannion, Aidan Harte, Daithí Burke, Niall Burke, Joseph Cooney, John Hanbury, Conor Whelan and Sean Loftus. Their coach Francis Forde was a former Fitzgibbon player for NUI Galway, as was Minor manager Jeff Lynskey. They join notable alumni, of what was then UCG, in lifting the Liam MacCarthy Cup.

I would like to personally congratulate them all on managing to excel on the field while balancing their academic or work commitments. They have truly inspired our campus community.

Comhghairdeas ó chroí le fir ón Iarthar.

Dr Jim Browne, President of NUI Galway

__________________________________________________

Ba mhaith le OÉ Gaillimh comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Micheál Donoghue, lena fhoireann chumasach agus lena fhoireann dhúthrachtach sa chúlra as a mbua ollmhór inné i gcoinne Phort Láirge i gCluiche Ceannais Sinsear Iomána na hÉireann, agus le foireann mionúr na Gaillimhe as a mbua i gcoinne Chorcaí - ócáid stairiúil don Iarthar an dá chluiche a thabhairt leo.

Tá an Ollscoil bródúil as a bhfuil bainte amach acu i rith an tséasúir agus léiríonn sé cumas agus dúthracht na n-imreoirí agus na bhfoirne sa chúlra.

Is údar mór bróid do OÉ Gaillimh go bhfuil naonúr imreoirí, idir mhic léinn agus chéimithe, ar phainéal na bliana 2017. Na deartháireacha Cathal agus Padraic Mannion, Aidan Harte, Daithí Burke, Niall Burke, Joseph Cooney, John Hanbury, Conor Whelan agus Seán Loftus. Is iar-imreoirí d'fhoireann OÉ Gaillimh a d'imir do chorn Mhic Giobúin iad an cóitseálaí Francis Forde agus Jeff Lynskey, bainisteoir na Mionúir. Áirítear iad i measc alumni iomráiteach de chuid na hOllscoile, nó Coláiste na hOllscoile, Gaillimh mar a bhí ag an am, a d'ardaigh corn Mhic Cárthaigh.

Ba mhaith liom go pearsanta comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leo ar fad as barr feabhais a bhaint amach ar an bpáirc agus cothromaíocht a bhaint amach ina saol acadúil nó oibre. Tugann siad spreagadh den chéad scoth do phobal an champais.

Comhghairdeas ó chroí le fir an Iarthair.

An Dr Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh

Marketing and Communications Office