TG4 - Teilifís na Gaeilge

03/21/2017 | Press release | Distributed by Public on 03/21/2017 09:43

Rogha mhealltach cluichí Gaelacha Líon-chraoladh

Cuirfidh an rogha tharraingeach seo go suntasach leis an mbeo-chraoladh teilifíse atá ar fáil cheana féin ag TG4 ar na cluichí Gaelacha ag gach leibhéal (club, coláistí agus contae).

Is iad Cluichí Ceannais na Craoibhe Iomána Masita do Scoileanna Dara Leibhéil a imreofar i Staid Semple ar an Satharn seo chugainn an chéad rogha don líon-chraoladh beo seo agus as seo go ceann ráithe beidh scoth na gcluichí eile ar fáil go heisiach agus ar fud an domhain ar www.tg4.ie ina measc Cluichí Ceannais Cúige na Craoibhe Peile faoi 21, den chéad uair riamh.

Seo é an liosta iomlán don Líonchraoladh beo…

Dé Sathairn 25 Márta Cluichí Ceannais na Craoibhe Iomána Masita do Scoileanna Dara Leibhéil

Dé Céadaoin 29 Márta Cluiche Ceannais Craobh Laighean EirGrid sa Pheil faoi 21
Dé Céadaoin 29 Márta Cluiche Ceannais Craobh na Mumhan EirGrid sa Pheil faoi 21

Dé Sathairn 1 Aibreán Cluichí Ceannais na Craoibhe Peile Masita do Scoileanna Dara Leibhéil

Dé Sathairn 1 Aibreán Cluiche Ceannais Craobh Chonnacht EirGrid sa Pheil faoi 21
Dé Céadaoin 5 Aibreán Cluiche Ceannais Craobh Uladh EirGrid sa Pheil faoi 21

Chomh maith leis an Líon-chraoladh beo, iar-chraolfaidh TG4 buaic-phointí na gcluichí seo ar an gcainéal teilifíse ar an oíche imeartha.

Deir Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha gur forbairt shuntasach í seo: 'Tá a fhios againn le fada go bhfuil éileamh ar chlúdach ard-chaighdeáin ar na comórtais seo', a dúirt sé, 'agus is eol dúinn freisin nach in Éirinn amháin atá an t-éileamh seo. Tá go leor leor daoine, in Éirinn agus ar fud an domhain 'ag baint leas as an Idirlíon chun a mianta féachana, idir chlúdach spóirt agus eile, a shásamh agus is breá linn an deis a bheidh againn freastal ar an bpobal féachana sin leis an soláthar seo.'

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, PR TG4, - Mob: 087 9172864 E-mail: [email protected]
Rónán Ó Coisdealbha, Sports Editor, TG4 - Mob: 087 2472841 E-mail: [email protected]

Cuir aithne orainn: