Results

TG4 - Teilifís na Gaeilge

05/04/2018 | Press release | Distributed by Public on 05/04/2018 11:49

Duais eile bronnta ar saothar TG4 - Song of Granite

Scannán é seo faoi shaol agus oidhreacht an fhonnadóra Joe Éinniú, a áirítear ar dhuine de mháistrí an tsean-nóis. Fáisceadh as tobar an dúchais é in Iorras Aithneach in iarthar Ghaeltacht na Gaillimhe agus cé gur sa gcontae sin agus i mBaile Átha Cliath a fuair sé a chuid oideachais, ní fada gur ar imirce a bhí sé agus is thar sáile a chaith sé an chuid eile dá shaol, an chuid is mó de i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus é ansin, thuill sé clú agus cáil agus cé gur mhinic é ar cuairt go hÉirinn, mheas sé féin agus ghoill sé air, gur sa tír thall is mó a fuair a chuid amhránaíochta aitheantas agus gradaim.

Duine cumasach casta ab ea Joe agus tugann an saothar seo, ina bhfuil drámaíocht agus gnéithe faisnéise, léargas tuisceanach fírinneach ar a shár-chumas mar amhránaí agus mar scéalaí agus ar a chuid duáilcí freisin mar dhuine agus mar pháirtí agus tuismitheoir.

Orthu sin atá páirteach, tá Macdara Ó Fátharta, Micheál Ó Confhaola, Jaren Cerf, Pól Ó Ceannabháin agus Colm Seoighe. Pat Collins a stiúraigh. Alan Maher, Jessie Fisk agus Martin Paul-Hus a léirigh. Léiríodh an scannán le tacaíocht na scéime atá i bhfeidhm ag Rialtas na hÉireann do scannáin agus do dhrámaíocht teilifíse faoi Alt 481, ón scéim Fuaim & Fís ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó chistí eile i gCeanada.
Tá an scannán ar fáil anseo https://www.tg4.ie/ga/player/baile/?pid=5761108024001

Deir eagarthóir coimisiúnaithe Proinsias Ní Ghráinne, 'léiríonn an duais seo an tábhacht atá le scéimeanna cosúil le Cine4 chun scéalta agus tallann dúchasach a fhorbairt. Tréaslaíonn TG4 leis an bhfoireann cumasach ar fad a bhí ag plé leis an scannán seo.'

Pictiúir ar fáil anseo https://flic.kr/s/aHsmiZ2NFQ

Giota ón scannán https://youtu.be/LAghIrGvjAg

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa - TG4 - 091-505228 087-9172864 E-mail: [email protected]

Cuir aithne orainn: