PRO12 - Celtic Rugby Ltd.

11/22/2018 | News release | Distributed by Public on 11/22/2018 10:22

Tá Babhta 9 Guinness PRO14

Bhuaigh foireann rugbaí na hÉireann ar na hAll-Blacks an deireadh seachatine seo chaite agus tá na cúigí an bhródúil ag dul na páirce an deireadh seachtaine seo i mbabhta 9 den Guinness PRO14

LAIGHIN v OSPREYS

Dé hAoine Beo ar TG4 ag 19:20.

[Attachment]

Beidh Cúige Laighean ag imirt na hOspreys san RDS Oíche Aoine seo beo ar TG4. Tá foireann Leo Cullen ar bharr Rann B agus tá níos mó pointí acu na aon fhoireann eile san dá roinn.

Ach beidh na hOspreys ag súil leis an chluiche seo, bhuail Glaschú iad sa chluiche deiridh i Stáid Liberty, an chéad chluiche a chaill siad sa bhaile i mbliana.

Ní bheidh Joe Tomane ag imirt, tá teannán a ioscaide gortaithe. Bhí obráid aige an tseachtain seo agus ní bheidh sé in ann a imirt ar feadh cúig mhí.

Ghortaigh Rory O'Loughlin a ghlúin sa chluiche céanna ach níl an gortú seo chomh dona sin agus ní cheaptar go mbeidh sé ar an taobh líne chomh fada sin.

Tá cluichí móra le teacht ag na hOspreys, tá siad san triú háit i Rann A. Beidh siad ag imirt as baile i gcoinne na Dragons i gceann ocht lá eile agus ansin beidh siad ag díriú a n-aghaidh ar Chorn Heineken agus dhá chluiche i gcoinne Bath an mhí seo chugainn.

SCARLETS v ULAIDH

Dé hAoine 19:35

[Attachment]
Tá na hUltaigh sa dara háit i láthair na huaire i Rann B den Guinness Pro 14, in ainneoin go bhfuil siad ag bráth cúid mhór i mbliana go dtí seo ar na himreoirí óga san Acadamh.

Tá an gcéad chluiche sinsir imeartha ag cúigear imreoirí ón Acadamh go dtí seo i mbliana.

Casfaidh siad ar na Scarlets trí huaire sna seachtainí beaga atá amach romhainn, an cluiche sraithe san Pro 14 an deireadh seachtaine seo agus ansin dhá chluiche san Chorn Eoprach.

Tá an cluiche seo fíor thábhachtach do Chúige Uladh, tá siad sa dara háit i Rann B ach níl ach pointe amháin idir iad fhéin agus na Scarlets atá sa triú háit.

Ach tá an dá fhoireann buaite go dona ag gortaithe agus imreoirí idirnáisiúnta ar iarraidh aris an seachtain seo.

Chas na foirne ar a chéile san chéad chluiche sraithe i mbliana agus bhuaigh na hUltaigh 15 - 13 nuair a bhfuair John Cooney cic pionóis sa nóiméad deiridh.

Tá na hUltaigh ag súil go mbeidh Louis Ludik agus Darren Cave ar fáil don chluiche ar an Aoine, ach níl siad ró dhóchasach. Níor imir Ludik i mbliana go fóill mar go bhfuil teannán a ioscaide ag cur as do agus tá Cave ag teacht chuige féin indiaidh do a ordóig a bhriseadh.

KINGS v CONNACHTA

Dé Domhnaigh 13:00

[Attachment]

Beidh Cúige Chonnacht ag imirt i gcoinne Isuzu Souther Kings i Nelson Mandela Bay an deireadh seachtain seo.

D'aimsigh foireann na hAfraice Theas breis agus tríocha bpointe san dá chluiche deiridh, ach chaill siad na cluichí sin i gcoinne Laighin agus na Scarlets.

Ach ní féidir brath ar na Connachtaigh i mbliana, go dtí seo níor bhuaigh siad dhá chluiche as a chéile san Guinness Pro 14. Téann na Cheetahs ar thóir an dara mbua an séasúr seo. Thaistil painéal de fiche cúíg chuig an Afraic Theas agus beidh said a lonnaithe i Capetown ar feadh coicís.

Teastaíonn obráid ó Kieran Marmion théis gortú in aghaidh na Nua-Shéalainne an deireadh seachtaine seo chaite. Táthar ag súil go mbeidh siad ar ais in aicsean i Mí Feabhra. Ghortaigh Conan O'Donnell a lámh i gcoinne na Dragons i mbabhta 8 agus ní bheidh sé ar fáil go dtí Mí na Nollag.

ZEBRE v MUNSTER

Dé Domhnaigh 15:30

[Attachment]

Beidh Cúige Mumhan ag iarraidh an bearna sin ag barr Roinn A a dhruid an deireadh seachtain seo agus iad ag imirt san Iodáil i gcoinne Zebre ar an Domhnach.

Tá na Muimhnigh ocht bpointe chun deiridh ar Ghlaschú ina dhiaidh ocht gcluiche sraithe, ach beidh siad ag súil go mbeidh an bhua acu an deireadh seachtaine seo. Tá dhá chluiche dhéag sraithe imeartha acu i gcoinne Zebre agus bhain siad gach ceann de na cluichí sin.

Is é an droch scéala do Chúige Mumhan nach mbeidh Jean Kleyn ag imirt, ghortaigh sé a ordóig i gcoine na Cheetahs. Bhí obráid aige agus beidh se ar an taobh líne ar feadh sé seachtainí ar a laghad.

Ach beidh roinnt imreoirí ar ais i mbun traenalá an tseachtain seo tar éis gortaithe - ina measc Chris Farrell, Conor Oliver, Ronan O'Mahony, Calvin Nash agus Jaco Taute agus dea scéala eile, tá an leathchúlaí clibirte Alby Mathewson tar éis conradh trí mhí eile a shínígh le Cúige Mumhan go deireadh Mhí Mhárta 2019.

Thosaigh Conor Murray agus Chris Farrell traenáil arís tar éis gortú fad téarmach agus ceaptar go mbeidh siad páirteach sa chluiche.