TG4 - Teilifís na Gaeilge

06/28/2017 | Press release | Distributed by Public on 07/03/2017 10:17

Cluichí Ceannais Cúige Pheil na mBan le sruthú ag TG4 ar YouTube

Tosóidh an tionscnamh nuálach seo ag deireadh na seachtaine seo le beo-chlúdach ó Chluain Eois ar Chluiche Ceannais Uladh idir Muineachán agus Dún na nGall ar an Domhnach 2 Iúil ag 3.45pm agus leanfar leis ar an iarnóin chéanna le clúdach (ar shruth eile) ar Chluiche Ceannais Chonnacht idir Maigh Eo agus Gaillimh ag 4.30pm.

Ar an Satharn 8 Iúil imreofar Cluiche Ceannais na Mumhan idir Port Láirge agus Ciarraí i Mala (3.45pm) agus beidh seo freisin ar fail be YouTube. Ar an Domhnach 9 Iúil a imreofar Cluiche Ceannais Laighean idir Áth Cliath agus an Iarmhí a thosóidh i gCeatharlach ag 4.00pm.

Chuir Ardsiúrthóir TG4, Alan Esslemont, fáilte roimh an mbeochlúdach seo.'Is iomaí forbairt shunstach déanta again ar ár gclúdach ar Chraobh TG4 i bPeil na mBan ó thosaigh muid air, seacht mbliana déag ó shin,' a dúirt sé, ' agus is deas linn an ceann is deireanaí seo - beochlúdach ardchaighdeáin ar YouTube ar na Cluichí Ceannais Cúige i ngrád na sinsear. Tabharfaidh na cluichí seo tuairim mhaith don lucht leanta faoina bhfuil amach romhainn sa gCraobh sa Samhradh.

D'fháiltigh Ard-Stiúrthóir LGFA, Helen O'Rourke, freisin roimh an fhorbairt seo agus mhol TG4 as na cluichí suntasacha craoibhe seo a bheochlúdach. 'Cuirfear suim ar leith sna cluichí seo,' a dúirt sí, 'ina bhfuil ocht bhfoireann chumasacha páirteach. Den chéad uair ó 2003, níl Corcaigh cáilithe do Chluiche Ceannais na Mumhan agus i gcúige Laighean, tá mná Átha Cliath ar thóir an séú craobh as a chéile.'

Domhnach 2 Iúil 3.45pm
Cluiche Ceannais Uladh 2017 i gCraobh TG4 i bPeil na mBan
Dún na nGall v Muineachán, Cluain Eois,
https://www.youtube.com/watch?v=NgCQwOzi5Kw

Domhnach 2 Iúil, 4.30pm
Cluiche Ceannais Chonnacht 2017 i gCraobh TG4 i bPeil na mBan
Gaillimh v Maigh Eo, Caisleán an Bharraigh
https://www.youtube.com/watch?v=hLoAwjS6Qg4

Satharn 8 Iúil, 3.45pm
Cluiche Ceannais na Mumhan 2017 i gCraobh TG4 i bPeil na mBan
Ciarraí v Port Láirge, Mala
https://www.youtube.com/watch?v=3h7mGWcYJrg

Domhnach 9 Iúil, 4.00pm
Cluiche Ceannais Laighean 2017 i gCraobh TG4 i bPeil na mBan
Áth Cliath v An Iarmhí, Ceatharlach
https://www.youtube.com/watch?v=v5_2iOh8Aaw