Results

National University of Ireland, Galway

06/06/2018 | News release | Distributed by Public on 06/06/2018 04:11

An tUachtarán Ó hUigínn le Léacht a thabhairt ag Siompóisiam OÉ Gaillimh ar an nGaeilge

Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn

Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a thabharfaidh an príomhaitheasc ag siompóisiam faoi Chonradh na Gaeilge agus an Athbheochan a reáchtálfar in OÉ Gaillimh Dé hAoine, an 15 Meitheamh.

Is é an siompóisiam lae, '125 Bliain ag Fás - An Athbheochan agus Conradh na Gaeilge', príomhócáid na hOllscoile le haghaidh Bhliain na Gaeilge atá ag ceiliúradh 125 bliain ó bunaíodh an Conradh.

Ceiliúradh atá san ócáid seo chomh maith ar an gcinneadh a rinne Conradh na Gaeilge in 2017 a chartlann a chur i dtaisce in OÉ Gaillimh. Le déanaí ceapadh cartlannaí chun an chartlann a chatalógú agus le digitiú a dhéanamh ar chuid den ábhar.

Dúirt an Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge agus fear eagair an tsiompóisiam: 'Ag an ócáid seo, léifear páipéir ar réimse téamaí taighde a bhfuil baint acu le 125 bliain den Athbheochan. Labhróidh taighdeoirí agus pearsana poiblí iomráiteacha eile faoin téama seo agus tarraingeoidh siad aird ar na deiseanna iontacha taighde a eascraíonn as cartlann an Chonartha.'

'Acmhainn ríluachmhar teagaisc agus taighde atá i gcartlann Chonradh na Gaeilge agus cuireann sí go mór leis na bailiúcháin thábhachtacha Ghaeilge atá ag an Ollscoil cheana', a dúirt Leabharlannaí Shéamais Uí Argadáin, John Cox.

Ag labhairt faoin siompóisiam seo, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: 'Tá an Ghaeilge uathúil agus thar a bheith tábhachtach do mhisean agus d'éiteas OÉ Gaillimh, dár n-oidhreacht agus dár gceantar máguaird. Trí chartlann Chonradh na Gaeilge a choinneáil faoi iontaobhas anseo do scoláirí agus do phobal na hÉireann, beidh an Ollscoil seo ina caomhnóir ar chuid thábhachtach de stair ár dteanga. Táimid bródúil é seo a dhéanamh agus táimid ag tnúth leis na peirspictíochtaí nua a chuirfidh an chartlann ar fáil do léann idirnáisiúnta. Is cuid thábhachtach de Bhliain na Gaeilge é an siompóisiam, bliain atá ag déanamh ceiliúradh ar 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge, agus cuirfidh sé ar chumas scoláirí agus lucht déanta polasaí teanga a machnamh a dhéanamh ar fhorbairt na teanga le céad bliain anuas agus iad ag breathnú san am céanna ar thodhchaí na Gaeilge. '

Beidh na cainteoirí eile seo páirteach sa siompóisiam chomh maith:

  • Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4
  • An Dr Máire Harris ó Roinn na Staire, OÉ Gaillimh
  • An tOllamh Regina Uí Chollatáin, COBÁC
  • Cuan Ó Seireadáin, Conradh na Gaeilge
  • An Dr Hugh Rowland, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh
  • An Dr John Walsh, Roinn na Gaeilge, OÉ Gaillimh
  • An tOllamh Tadhg Ó hIfearnáin, Roinn na Gaeilge, OÉ Gaillimh

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 'Tá ríméad orainn i gConradh na Gaeilge go bhfuil ár gcartlann á cur i dtaisce go buan in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Creideann muid go dtiocfaidh deiseanna rialta chun cinn le hábhar na cartlainne a úsáid agus táimid ag súil leis an gcéad deis sin ag an siompóisiam lae a bheidh á reáchtáil ag an Ollscoil agus ag an gConradh ar an 15 Meitheamh.'

Tá an siompóisiam lae seo á reáchtáil ag Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, ag Roinn na Gaeilge agus ag Conradh na Gaeilge. Níl aon chostas air ach is gá clárú faoin 8 Meitheamh. Tá breis eolais ar fáil ag http://www.conference.ie/Conferences/index.asp?Conference=561

-Críoch-

Marketing and Communications Office