TG4 - Teilifís na Gaeilge

07/14/2017 | Press release | Distributed by Public on 07/14/2017 05:49

TG4 i gcainteanna le comhlacht léirithe il-Ghaeltachta maidir le conradh nua ollsoláthair

Is iad Niamh Ní Bhaoill agus Seán Ó Cualáin, beirt léiritheoirí Gaeltachta a bhfuil aithne mhaith orthu agus taithí na mblianta acu san earnáil, stiúrthóirí an chomhlachta nua agus beidh ionaid léiriúcháin ag an bhfiontar nuálach seo i nGaeltachtaí Thír Chonaill, na Gaillimhe agus Chiarraí, an chéad chomhlacht léirithe riamh a rinne a leithéide.
D'fhógair TG4 múnla nua coimisiúnaithe ar bhonn ollsoláthair ag tús an Earraigh. Tá measúnú déanta ar na hiarratais air sin anois, cainteanna ar bun le seacht gcomhlacht léirithe eile maidir le conarthaí ollsoláthair agus fógrófar conarthaí go poiblí go luath sa bhFómhar.
Deir Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, gur céim shuntasach chun cinn í seo d'fhorbairt na hearnála clos-amharc Gaeltachta agus so straitéis nua TG4 freisin. 'Tá géarghá an earnáil anseo sa nGaeltacht a thabhairt leibhéal eile chun cinn agus bonn seasmhach inmharthana a chur fúithi ar scála tionsclaíoch'' a dúirt sé. 'Le chéile, is féidir linn na deiseanna a thapú, fostaíocht a chruthú, freastal ar an bpobal.'

Breis Eolas:

Teagmháil do na meáin: - Linda Ní Ghríofa, - 087 9172864 E-mail: [email protected]

Cuir aithne orainn: