TG4 - Teilifís na Gaeilge

11/16/2017 | Press release | Distributed by Public on 11/16/2017 11:27

Gradaim an Irish Post le beochraoladh as Londain ar TG4

Bronnfar seacht nGradam ar an oíche, ina measc, Gradam Saoil ar Sir Bob Geldof, ceoltóir agus feachtasóir daonnachtúil a thuill cáil ar dtús mar fheachtasóir nuair a d'eagraigh sé ceolchoirm cháiliúil Live Aid i Staid Wembley, Londain, i Samhradh na bliana 1985.

Bronnfar Gradam Comaoine ar son Gnó an Banbharún Karren Brady, a bhfuil cáil fhorleathan uirthi i réimsí na fógraíochta, na meán agus mar iar-Bhainisteoir Stiúrtha ar Birmingham FC, nuair a bhí sí 23 bliain d'aois, an chéad bhean riamh a ceapadh sa ról seo i gclub sacair.

Beidh na grúpaí aitheanta Kodaline agus Beoga ag seinm ag an ócáid i mbliana agus is iad na láithreoirí ná Aoife Ní Thuairisg- TG4 agus Eamonn Holmes.

Beidh an ócáid á beo-chraoladh ar gach ardán TG4 agus sula dtosóidh an seó féin, beidh Caitlín Nic Aoidh ag tuairisciú ón gcairpéad dearg ó Óstán an Grosvenor House ar Facebook agus YouTube TG4.

Orthu sin a fuair Gradaim an ócáid seo i mblianta roimhe seo, bhí, Terry Wogan, Daniel Day-Lewis, Michael Flatley agus Mo Mowlam.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4, - Mob: 087 9172864 E-mail: [email protected]

Cuir aithne orainn:

@TG4TV #IrishPostAwards