TG4 - Teilifís na Gaeilge

06/27/2018 | Press release | Distributed by Public on 06/27/2018 08:06

Spásairí, Banríonacha agus Ropairí ag cur na Gaeilge chun cinn i bhfeachtas nuálach fógraíochta TG4

Cuireadh an feachtas 'Tá Gaeilge Agam' le chéile i gcomhpháirt leis an gcomhlacht fógraíochta as Baile Átha Cliath a bhfuil iliomad duaiseanna buaite acu, Publicis agus é mar chuid lárnach de rannpháirtíocht TG4 le 'Bliain na Gaeilge'. Tionscnamh Rialtais atá anseo chun an Ghaeilge a chur chun cinn in 2018.

Feachtas spraíúil, feiceálach, ilmheán é, 'Tá Gaeilge Agam', atá á chur i láthair i gcló, ar theilifís, ar raidió, ar líne agus ar fhógraí lasmuigh. Tá sé dírithe ar 'Ghaeilgeoirí' de gach leibhéal, chun iad a spreagadh leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid, más 'cúpla focal' é - amhail an spásaire Chris Hadfield a bhain cáil amach le giolc as Gaeilge a sheol sé ón spás -nó má tá muid 'líofa', ar nós bean chumasach Thír Chonaill, Caitlín Nic Aoidh.

I dteachtaireacht tacaíochta don tionscnamh a chuir sí ar na meáin shóisialta le déanaí, deir réalta rugbaí na mban Sene Naoupu: 'Is as an Nua Shéalainn domsa agus táim líofa i Samóis. Nuair a bhí cónaí orainn sa tSeapáin bhí mé líofa i Nihongo (Seapáinis). Agus muid inár gcónaí i Sasana, labhair muid Béarla. Dá bhrí sin, nuair a bhog muid go hÉirinn, atá mar bhaile anois againn, thum muid sinn féin i gcultúr na hÉireann agus leis sin tagann tuiscint ar an stair bhródúil agus ar an bhféiniúlacht a bhaineann leis an nGaeilge! Mar náisiún mór spóirt, is mór againn a bheith ina nÉireannaigh ach faraor ní leathnaíonn sé sin chuig bród inár dteanga'.

Tá TG4 ag iarraidh ar dhaoine sampla Sene agus na réaltaí eile a leanúint, 'maidir leis an ábhar ar líne, iarraimid ar dhaoine é a roinnt, an 'twibbon' a úsáid agus tabhairt faoin dúshlán iad féin. Is é sin, cuma cén cumas atá agat sa Ghaeilge, í a úsáid go bródúil agus go glórach, pé áit a bhfuil tú.

Deir Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, Seán Cathal Ó Coileáin: 'Caithfidh an Ghaeilge a bheith ábhartha, fáilteach agus éagsúil, má tá muid chun breith ar mhaidhm nua de dhaoine a bhfuil suim acu inti, ach atá faoi láthair beagán drogallach ár dteanga a labhairt. San fheachtas seo tá TG4 ag iarraidh, ar bhealach spraíúil, daoine a mhealladh chun gníomh dearfach a ghlacadh'.

CRÍOCH

Bí linn san fheachtas!

Is féidir breis eolais ar shíomh gréasán TG4 anseo:

https://www.tg4.ie/tagaeilgeagam/

Seo an nasc chuig an fhíseán bolscaireachta: https://www.youtube.com/watch?v=N7_ZF7Ppa8I

Céard faoi Twibbon a úsáid:

Add the badge to your profile #TáGaeilgeAgam Cliceáil anseo - http://bit.ly/TaGaeilgeAgam

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh - Mob: 087 2476624 E-mail: [email protected]

Cuir aithne orainn: