TG4 - Teilifís na Gaeilge

05/10/2018 | Press release | Distributed by Public on 05/10/2018 05:00

11 Ainmniúchán ag TG4 do Ghradaim IFTA 2018

I measc na n-ainmniúchán, tá dhá sraith do dhaoine óga. Is iad sin Is Eolaí Mé - sraith spraíúil eolaíochta á chur i láthair ag Peadar Ó Goill agus Úna Ní Fhlatharta agus Lurgan 2K17 - sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeántar físeáin nua de chuid 'TG Lurgan' agus ina gcuirtear aithne ar roinnt de na daltaí ardchumasacha a bhíonn páirteach iontu.

Fuair Éire Fhiáin - An Cósta Thiar ainmniúcháin sa gcatagóir Fíorasach. Sraith speisialta ar fhiadhúlra suntasach na hÉireann á cur i láthair ag Eoin Warner.

Tá dhá ainmniúchán faighte ag Ros na Rún sna catagóirí Sobaldráma & Cláracha Gaeilge. Tá Ros na Rún ar an sobaldráma is daonna agus is dúchasaí ar an teilifís in Éirinn, an t-aon sobalchlár in Éirinn a bhfuil rian na tuaithe air.

TG4XX Beo ainmnithe sa gcatagóir Craoladh Beo. Ceolchoirm speisialta a craoladh beo ó láithreacha éagsúla ar fud na tíre le ceiliúradh a dhéanamh ar scór bliain de TG4. I measc na gceoltóirí bhí Liam Ó Maonlaí, Le Galaxie & Daithí, Banna Mháirtín O'Connor, Sharon Shannon, Duke Special & Ulaid, ProdiJIG, Muireann Nic Amhlaoibh & Aeons.

Ainmniúchán faighte freisin ag Hector Central sa rannóg Fíorasach. Is ar Mheiriceá Láir a bhí a thriall sa tsraith nua, 8 gclár ó Chathair Panama go Cathair Belize agus é ag leanúint bhóthar an Pan-American Highway den chuid is mó.

Tá an t-aisteoir Seán McGinley ainmnithe dá pháirt i Fir Bolg agus tá trí ainmniúchán eile faighte ag cláracha de chuid TG4 sa rannóg Cláracha Gaeilge. Is iad sin Frank O'Connor Idir Dhá Shruth, Rocky Ros Muc agus Fir Bolg. (Tá liosta iomlán d'ainmniúcháin TG4 do Ghradaim IFTA ar fáil thíos.)

Is é IFTA an duais-scéim aitheanta do thionscal na scannán agus na teilifíse in Éirinn. Painéal saineolaithe ón tionscal anseo agus thar sáile a roghnaíonn an saothar is fearr sna catagóirí éagsúla. Bronnfar na gradaim IFTA féin ag ócáid ghalánta an 31 Bealtaine i mbliana.

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont, a gcuid ainmniúchán ar fad le léiriúcháin TG4 atá ar an nGearrliosta IFTA. Dúirt sé gur cruthúnas ar ardchaighdeán raon na gclár a bhíonn ag TG4 é an rogha seo. 'Thuill TG4 aitheantas, ainmniúcháin agus duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim náisiúnta gradam seo,' a dúirt sé. 'Táimid an bhródúil as an líon ainmniúchán a fuaireamar ar ghearrliosta na bliana seo, go háirithe i réimse na faisnéise agus daoine óga. Is mór an sásamh dúinn gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú,' a dúirt an tArdstiúrthóir.

CRÍOCH

IFTA 2018 - Ainmniúcháin TG4

Fíorasach

Hector Central (Léiriú de chuid Good Company Productions)

Sraith faisnéise

Éire Fhiáin- An Cósta Thiar (Léiriú de chuid Crossing the Line)

Sobal dráma

Ros na Rún (Léiriú de chuid EO Teilifís & Tyrone Productions)

Male Performance

Sean McGinley, Fir Bolg (Léiriú de chuid Dearg Films)

Beo chraoladh

TG4XX Beo (Léiriú de chuid Gifted Empire)

Daoine Óga

Is Eolaí Mé (Léiriú de chuid Meangadh Fíbín)

Lurgan 2K17 (Léiriú de chuid Iris Productions)

Cláracha Gaeilge

Fir Bolg (Léiriú de chuid Dearg Films)

Frank O'Connor- Idir Dhá Shruth (Léiriú de chuid AminoTV)

Rocky Ros Muc (Léiriú de chuid Below the Radar)

Ros na Rún (Léiriú de chuid EO Teilifís & Tyrone Productions )

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa - TG4 - 091-505228 087-9172864 E-mail: [email protected]

Cuir aithne orainn: