National University of Ireland, Galway

11/02/2018 | News release | Distributed by Public on 11/02/2018 11:50

Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta do Ghearóid Ó Tuathaigh

Tá sé fógartha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gur ar Ghearóid Ó Tuathaigh a bhronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbliana.

Is as Luimneach do Ghearóid Ó Tuathaigh ó dhúchas, Ollamh Emeritus le Stair in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, cé go bhfuil a shaol oibre caite aige i gCo. na Gaillimhe agus é ag cur faoi i mBearna ansin i gceantar Chois Fharraige le blianta fada. Tá sé aitheanta mar dhuine de staraithe móra ár linne, agus bíonn sé le cloisteáil go rí-mhinic ar chláracha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbun plé, anailíse agus díospóireachta ar cheisteanna polaitiúla agus socheolaíochta na tíre. Níor leasc leis riamh a chuid léinn agus saineolais a roinnt go fiail leis na héisteoirí, agus tá meas air dá réir, agus don ómós a léirigh sé féin don teanga agus do phobal na Gaeltachta riamh anall.

Is Iar-Chathaoirleach é ar Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tá tréimhsí caite aige mar chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta agus ar Bhord na Gaeilge, mar leas uachtarán ar Ollscoil na hEireann Gaillimh agus ar Chomhairle an Stáit, gan ach cuid acu a lua.

Tá sé pósta ar Mharie Nic Suibhne as Leitir Ceanainn, agus tá triúr clainne orthu - Colm, Emer agus Caoimhe.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta: 'Tugann Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta deis don tseirbhís aitheantas a thabhairt do dhaoine nó do ghrúpaí as a saothar ar son na teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus is cinnte go bhfuil a chuid déanta ag Gearóid Ó Tuathaigh sa ngort sin le blianta fada anuas agus is pribhléid dúinn a bheith in ann an gradam seo a bhronnadh air i mbliana. Tá urraim mhór ag pobal an Raidió dó, agus é sin thar a bheith tuillte aige. Léiríonn a chuid oibre a ghrá is a phaisean don Ghaeilge, don stair, don oideachas, don phobal....agus don gCumann Lúthchleas Gael chomh maith. Tréaslaím a ghradam leis, go mba fada buan é.'

Bronnfaidh Gearóid Mac Donncha Gradam RTÉ Raidió na Gaeltacha ar Ghearóid Ó Tuathaigh oíche Dé Sathairn le linn Chorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Is é Jarlath Daly a dhear an dealbh cré-umha a bhronnfar air.

Beidh Gearóid Ó Tuathaigh faoi agallamh maidin Dé Domhnaigh ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ag 9.30 am beo ón Oireachtas i gCill Airne.

--CRÍOCH--

Marketing and Communications Office