Results

Sinn Féin

03/13/2017 | News release | Distributed by Public on 03/13/2017 13:54

Acht ar son Cearta is ea Acht Gaeilge - Kearney

13 March, 2017 - by Declan Kearney

Tá sé ráite ag an CTR do Dheisceart Aontroma Declan Kearney gur aitheantas oifigiúil agus cearta atá de dhíobháil maidir le hAcht Gaeilge.

Ag labhairt leis ag imeacht Sheachtain na Gaeilge de chuid Shinn Féin inniu in Stormont, dúirt an Comhalta Reachtach go bhfuil sé in am don stát meas a léiriú agus cearta oifigiúla a reachtú sna 6 chontae.

'Tá sé thar am go mbeadh cearta teanga curtha i bhfeidhm ó thuaidh.

'Aontaíodh Acht Gaeilge níos mó na 10 mbliana ó shin ag Comhaontú Chill Rìmhinn, ach go fóill féin, tá ag teip ar rialtas na Breataine a gcoimitmintí a chomhlíonadh.

'Tagann tuairisc i ndiaidh tuairisce amach ar bhonn idirnáisiúnta - an ceann is déanaí ó Chomhairle na hEorpa cúpla lá ó shin - ag cáineadh Rialtas na Breataine agus na bpáirtithe Aontachtacha mar gheall ar an easpa gnímh i leith reachtaíochta.

'Caithfidh na fadhbanna seo a réiteach anois. Tá sé in am meas a léiriú agus Acht Gaeilge a reachtú.'