National University of Ireland, Galway

10/17/2017 | News release | Distributed by Public on 10/17/2017 06:32

Ceiliúradh in OÉ Gaillimh ar Mhic Léinn a rinne Éacht san…

Rinneadh ceiliúradh in OÉ Gaillimh le gairid ar ghrúpa ar leith mac léinn chéad bhliana ag searmanas speisialta an tseachtain seo caite, mar aitheantas ar na pointí arda a ghnóthaigh siad i Scrúdú na hArdteistiméireachta. Mar chuid de shearmanas bliantúil na hOllscoile le Scoláireachtaí Sármhaitheasa a bhronnadh, bronnadh scoláireachtaí ar fiú €1,500 iad ar 56 mac léinn.

Bronntar na Scoláireachtaí Sármhaitheasa gach bliain ar mhic léinn atá díreach tosaithe ag freastal ar OÉ Gaillimh agus a fuair 560 pointe, ar a laghad, i Scrúdú na hArdteistiméireachta, seachas mic léinn Leighis. Sa Leigheas, bronnadh deich Scoláireacht bunaithe ar thorthaí na hArdteistiméireachta agus na Tástála Iontrála nua (H-PAT Ireland) araon.

Tá na Scoláireachtaí Sármhaitheasa ann chun luach saothair a thabhairt do na daltaí is fearr a n-éiríonn leo san Ardteistiméireacht, agus chun a dtiomantas leanúnach i sárchaighdeán acadúil a spreagadh le linn a dtréimhse in OÉ Gaillimh. D'fhéadfaí go mbeadh scoláireachtaí nó deontais eile ag an té a fhaigheann na scoláireachtaí seo, Scoláireachtaí Iarchéime na hOllscoile, Scoláireachtaí do Mhic Léinn Lánfhásta, Scéim Scoláireachtaí Spóirt na hOllscoile agus scéimeanna a bhaineann go sonrach le coláistí agus iad siúd a n-éiríonn thar barr leo sna scrúduithe Ollscoile san áireamh.

Ag labhairt dó roimh bhronnadh na ngradam, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne: 'Is cúis áthais dom na scoláireachtaí seo a bhronnadh ar na daoine sármhaithe seo mar aitheantas ar a gcumas acadúil. Déanann OÉ Gaillimh iarracht i gcónaí tacú le sárchaighdeán acadúil i ngach uile dhisciplín agus é a spreagadh. Tá na Gradaim seo ann le gach mac léinn a spreagadh le lántairbhe a bhaint as a gcumas mar mhic léinn, trí thairseach réalaíoch sárchaighdeáin a leagan amach agus luach saothair a thabhairt do gach mac léinn a bhaineann an leibhéal sin amach. Deis atá ann freisin le haitheantas a thabhairt don tsárobair atá déanta ag a dtuismitheoirí agus ag a múinteoirí.'

I mbliana bronnadh na Scoláireachtaí Sármhaitheasa ar scoláirí ó 37 scoil ar fud na hÉireann. Bronnadh scoláireachtaí ar mhic léinn as na contaetha seo a leanas - An Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Luimneach, An Longfort, Lú, Maigh Eo, Uíbh Fhailí, Tír Eoghain agus An Iarmhí.

-Críoch-

Keywords: Press.