TG4 - Teilifís na Gaeilge

04/11/2018 | Press release | Distributed by Public on 04/11/2018 08:38

Ar féidir leat An Aimsir a fheabhsú?

Níl agat ach cúpla lá chun d'ainm a chur san áireamh le bheith ar an gcéad láithreoir aimsire eile ar TG4. Táthar ag glacadh le hiarratais go dtí Dé Luain seo chugainn an 16 Aibreán.

D'fhéadfá a bheith ar an gcéad Daithí Ó Sé, Síle Seoighe, Aoife Ní Thuairisg nó Páidí Ó Lionáird eile a chuir tús lena slí bheatha teilifíse ag cur faisnéis na haimsire i láthair ar TG4.

'Tá taithí iontach le fáil sa ról seo i dtaobh scileanna láithreoireachta agus cumarsáide a fhorbairt', a deir Stiúrthóir Margaíochta & Forbartha TG4, Lís Ní Dhálaigh. 'Tá na láithreoirí aimsire agus leanúnachais ina gcuid lárnach d'fhoireann TG4. Is iad guth an chainéil iad ar aer agus ar na meáin shóisialta agus tá siad aitheanta i measc lucht féachana TG4'.

Deir duine de láithreoirí reatha TG4, bean Thír Chonaill, Caitlín Nic Aodha, 'Mar stáisiún atá nuálach, fadradharcach agus atá i gcónaí chun tosaigh, tá bród as cuimse orm a bheith ar dhuine d'fhoireann TG4. Bíonn obair éagsúil ar bun againn agus muid i dtólamh chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta anseo in earnáil na teilifíse. Tá scaifte cuidiúil, croíúil, cruthaitheach agus ildánach ag obair anseo agus mhothaigh mé ar dhuine den fhoireann ón gcéad lá'.

Má tá suim agat iarratas a dhéanamh ar na folúntais seo, seol mír físe nóiméad ar fhad ag déanamh cur síos ort féin chomh maith le curriculum vitae chuig [email protected]. Tá breis eolais le fáil faoi na poist seo ag www.tg4.ie/foluntais.

CRÍOCH

Nóta d'Eagarthóirí

Físeán faoin ábhar seo:

Clips.tg4.ie/g/v/USQmLHP4EnT

Pic:

Láithreoir aimsire TG4, Caitlín Nic Aodha

TG4 Weather presenter Caitlín Nic Aodha

Graific:

Láithreoirí aimsire TG4 Mairéad Ní Chuaig & Irial Ó Ceallaigh

TG4 weather presenters Mairéad Ní Chuaig & Irial Ó Ceallaigh