Results

Department of the Taoiseach

06/28/2017 | Press release | Distributed by Public on 06/29/2017 04:59

An Taoiseach le fáilte a chur roimh Phríomh-Aire Cheanada go hÉirinn an tseachtain seo chugainn

Mar a d'fhógair sé sa dáil tráthnóna inniu tá an Taoiseach, Leo Varadkar, ag súil le fáilte a chur roimh Phríomh-Aire Cheanada, Justin Trudeau agus a theaghlach go hÉirinn an tseachtain seo chugainn.

Cuirtear fáilte roimh an gcuairt go háirithe mar gheall ar an nasc dlúth agus stairiúil idir an dá thír, a bhfuil athnuachan déanta air le blianta beaga anuas mar gheall ar an líon mór Éireannach atá tar éis bogadh go Ceanada le cónaí ann agus dul i mbun oibre ann.

Tá an Taoiseach tiomanta a chinntiú go nglacfaidh Éire a páirt i gcomhoibriú domhanda maidir le cuid de shaincheisteanna móra idirnáisiúnta ár linne, agus tá sé ag súil leis an deis na saincheisteanna sin a phlé leis an bPríomh-Aire Trudeau le linn na cuairte.

Tá siad beirt tiomanta do Chomhaontú Pháras faoin Athrú Aeráide agus do thrádáil oscailte ag leibhéal domhanda.

Cuireann teacht i bhfeidhm Chomhaontú Trádála agus Eacnamaíochta Cuimsitheach an AE/Cheanada deiseanna trádála agus infheistíochta nua ar fáil do chuideachtaí as Éirinn agus Ceanada agus tá an Taoiseach ag súil leis na deiseanna sin a phlé leis an bPríomh-Aire.

Tá súil ag an Taoiseach go mbeidh deis ag an bPríomh-Aire taithí ar an láthair a fháil ar thimpeallacht fiontraíochta bhríomhar agus nuálaíoch na hÉireann agus ar ár n-oidhreacht spóirt agus chultúrtha shaibhir.