Sinn Féin

05/18/2017 | News release | Distributed by Public on 05/18/2017 11:19

Sinn Féin ag tacú leis an Lá Dearg

18 May, 2017 - by Máirtín Ó Muilleoir

Tá ráite ag iarrthóir Shinn Féin i nDeisceart Bhéal Feirste go mbeidh a pháirtí ag tabhairt tacaíochta don Lá Dearg ar son Acht Gaeilge Dé Sathairn i mBéal Feirste.

Labhair an t-iarrthóir Ó Muilleoir i ndiaidh gur seoladh na céadta balún taobh amuigh de Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál mar chuid den fheachtas ar son Achta.

Dúirt Ó Muilleoir,

'Tá cearta agus cothromos tuillte ag Gaeilgeoirí, ag díograiseoirí agus gach saoránach. Dé Sathairn, taispeánfar an t-éileamh ar son comthromois do na Gaeil.

'D'aontaigh Rialtas na Breataine agus an DUP le hacht a thabhairt iseach níos mó na 10 mbliana ó shin. Tá ag teip orthu ó shin i leith maidir lena gcoimitmintí a chomhlíonadh, i leith an chomhaontaithe sin agus chomhaontuithe eile ó thaobh an chomhionnnais agus an ama atá thart.

'Caithfear comhaontuithe a chomhlíonadh le muinín an phobail a thabhairt ar ais do na hinstiúidí polaitiúla.

'Ní gníomhaithe polaitiúla amháin atá ag éileamh Acht Gaeilge. Tá na mílte páiste sa chathair seo agus ar fud an tuaiscirt ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge. Is é a dtodchaí atá i gceist.

'Díríonn mórshiúl An Dreama Dheirg ar an chomhionannas, ar an mheas agus ar chearta le haghaidh cách. Ní bagairt d'aon duine an chomhionannas. Is le cách an Ghaeilge agus iarraim ar gach duine bheith i láthair Dé Sathairn lena dtacaíocht a léiriú.

'Tá áthas orm, fosta, a fheiceáil go bhfuil fógra sna meáin ina gcuireann breis is 35 eagras i gcoinne an maíomh nach bhfuil ach 'dream beag' daoine ag iarraidh Acht Gaeilge - grúpaí ar bhuail Arlene Foster leo san áireamh. I ndáiríre, ní stopfaidh pobal na Gaeilge go nglacann an DUP le ceart an phobail i leith Acht Gaeilge.'