Department of Finance of Ireland

02/09/2017 | Press release | Distributed by Public on 02/17/2017 06:28

Cuireann an tAire Noonan fáilte roimh an tiomantas atá ag KBC do thomhaltóirí baincéireachta in Éirinn

Chuir Michael Noonan TD, an tAire Airgeadais, fáilte roimh an bhfógairt go mbeidh KBC ag fanacht in Éirinn agus roimh an tsoiléire a thug an chuideachta dá baill foirne agus dá tomhaltóirí araon ina leith sin tar éis tréimhse éiginnteachta.

Dúirt sé:

'Is fianaise láidir eile é seo ar an téarnamh atá ar bun in Éirinn agus léiríonn sé go bhfuil muinín ag KBC Ireland as geilleagar na hÉireann.'

'Cinnteoidh an tiomantas atá ag KBC d'fhanacht in Éirinn go mbeidh iomaíocht leanúnach ann i margadh baincéireachta na hÉireann, rud atá chun tairbhe do thomhaltóirí. Tá an tiomantas sin ina fhianaise freisin ar an margadh láidir atá againn agus ar an acmhainneacht atá ag an margadh sin fás leanúnach a bhaint amach sa todhchaí.'

Beidh an tAire Noonan ag teacht le chéile le hardfheidhmeannaigh ón mbanc um thráthnóna. Tá sé ag tnúth le tuilleadh faisnéise a fháil faoi na pleananna atá ag an gcuideachta chun tacú le tomhaltóirí amach anseo sa réimse seo de gheilleagar na hÉireann atá ag fás.

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

David Byrne, Preasoifigeach

[email protected]

086 026 7978