Sinn Féin

03/27/2017 | News release | Distributed by Public on 03/27/2017 10:22

Ní mór an feachtas ar son comhionannais agus Acht Gaeilge a ghéarú – Ní Chuilín

27 March, 2017 - by Carál Ní Chuilín

Tá ráite ag an Chomhalta Carál Ní Chuilín go gcaithfear an feachtas ar son comhionannais agus Acht Gaeilge a ghéarú i ndiaidh gur theip ar Rialtas na Breataine agus ar an DUP beart a dhéanamh de réir a mbriathar.

Ag labhairt léi i ndiaidh an léirsithe ar son Acht Gaeilge a reáchtáil an Dream Dearg ag Stormont inniu, dúirt Ní Chuilín:

'Tá sé thar am go mbeadh Acht Gaeilge ann.

'Ba cheart go mbeadh cearta chainteoirí Gaeilge faoi chosaint reachtaíochta.

'Tá ag teip ar Rialtas na Breataine agus ar an DUP a gcoimitmintí a chomhlíonadh.

'Má tá muid ag iarraidh Acht Gaeilge a bhaint amach, caithfidh muid bheith i mbun feachtasíochta. Mar a dúirt Gerry Adams an tseachtain seo chuaigh thart, caithfear gníomh agus eagrú ar son an Achta.

'Mholfainn do chách atá ag iarraidh chomhionnanas, meas agus cearta a bhaint amach, mholfainn dóibh a dtacaíocht a léiriú sna seachtainí atá romhainn.'