Results

PRO12 - Celtic Rugby Ltd.

02/22/2019 | News release | Distributed by Public on 02/22/2019 11:17

Réamhléiriú babhta 16

Bhí an-deireadh seachtaine ag foirne na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite - bhuaigh na Cúigí ar fad, Ulaidh, Connachta, an Mhumhain agus Laighin a gcluichí i mBabhta a 15 den Guinness PRO14.

Ospreys v Mumha

Dé hAoine @ 19:35

Bhí bua mhaith ag Cúige Mumhan ar na Southern Kings an tseachtain seo caite agus d'aimsigh siad pointe bónais freisin.

Scaoileadh saor cúigear imreoirí ón bpainéal idirnáisiúnta ar ais go dtí na Cúigí, bhí Chris Farrell ar dhuine acu sin. Thosnaigh sé i gcoinne na Southern Kings ach ghortaigh sé a ghlúin agus na Muimhnigh ag scóráil a gcéad úd. Tá sé ag fáil comhar leighis i láthair na huaire mar atá Tadhg Beirne, a bhfuil gortú glúine ag cur as dósan freisin ach beidh siad ag filleadh ar ais le painéal na hÉireann an tseachtain seo. Táthar ag súil go mbeadh siad páirteach sa chluiche i gcoinne na hIodáil ar an Domhnach.

Tá go leor gortaithe eile ag cur as do Chúige Mumhan, tá gortú coise ag cur as dó Brian Scott, James Cronin, Sammy Arnold agus Dave O'Callaghan agus tá Tommy O'Donnell agus C J Stander gortaithe freisin. Tá Andrew Conway, John Ryan agus Niall Scannell ar ais le foireann na hÉireann anois, thosnaigh siad i gcoinne na Kings.

Bhuail Cúige Uladh na Ospreys i mBridgend an tseachtain seo caite an scór ocht a nóid.

Tá Cúige Mumhan ar bharr Roinn A, dhá phointe chun tosaigh ar Ghlaschú.

Glasgow Warriors v Connachta

Dé hAoine @ 19:35

Is cluiche speisialta a bheidh anseo do Kieran Marmion, tá 149 cluiche imeartha aige do Chonnachta go dtí seo agus is ócáid ar leith a bheidh ann dó an deireadh seachtaine seo.

Bhí Marmion gortaithe le trí mhí anuas, tháinig sé isteach mar ionadaí sa chluiche i gcoinne na Cheetahs an deireadh seachtaine seo caite agus beidh sé ag súil le cluiche eile i gcoinne Ghlaschú oíche Dé Aoine seo.

Is é príomh chuspóir Chonnachta ná cáiliú do Chraobh Rugbaí na hEorpa, beidh an chéad trí fhoireann ó Rann A agus B i dteideal imirt i gCraobh na hEorpa - tá Connachta san triú háit i Rann A i láthair na huaire.

Tá a gcéile comhraic ar an Aoine seo, Glaschú naoi bpointe chun cinn orthu agus tá dhá fhoireann sna sála acu, na Ospreys agus Cardiff, iad ar 38 poinnte agus 42 ag Connachta.

Mar sin tá gach pointe rí-thabhachtach d'fhoireann Andy Friend agus deis iontach é seo i gcoinne Ghaschú agus cuid mhór imreoirí dá gcuid ar dhualgaisí idirnáisiúnta.

Bhí bua mhaith ag foireann Dave Rennie ar na Cardiff Blues an tseachtain seo caite, bhuaigh siad an cluiche sin i bPáirc Cardiff Arms agus fuair siad pointe bónais freisin rud a chiallaíonn nach bhfuil siad ach dhá phointe taobh thiar de Chúige Mumhan atá ar bharr Rann A.

Agus bhí dea-scéala eile acu an tseachtain seo tá conradh nua dhá bhliain aontaithe ag Brandon Thomas le Glaschú, níl Thomas ach trí bliana agus fiche.

Ulaidh v Zebre

Dé Sathairn @ 19:35

[Attachment]

Cuireadh imirt fhealltach i leith thosach Uladh agus na hÉireann, Ian Henderson, in eachtra le Sam Cross sa chluiche i gcoinne na Ospreys an Aoine seo caite ach rialaigh an coiste smachta nach imirt fhealltach a bhí ann, beidh Henderson dóchasach go mbeidh ról aige le n-imirt in aghaidh na hIodáil ar an Domhnach.

Fuair na hUltaigh an ceann is fearr ar na Ospreys ocht a nóid, fuair sár imreoir an chluiche Stuart Mc Closkey úd agus scóráil John Cooney cic pionóis i ndeireadh an chluiche leis an bua a chinntiú.

Bua mhaith a bhí ann do na hUltaigh agus iad ar thóir áit a bhaint mach sna cluichí cáillithe. Bhí na hOspreys díomúil nach bhfuair siad fiú pointe bónais sa bhaile go háirithe agus sé cluiche fágtha.

Tá Ulaidh anois san ceathrú háit i Rann B. Tá trí chluiche thábhachtach acu anois agus na himreoirí idirnáisiúnta in easnamh, cluichí i gcoinne Zebre, na Dragons agus na Southern Kings - níl siad ach dhá phoinnte taobh thiar de Dún Éideann agus Benetton, a bhfuil 41 pointe ag ceachtar foireann.

Ta Zebre ag bun Rann A ,níor bhuaigh siad ach trí chluiche as an gcúig cinn déag atá imeartha acu san Guinness PRO14.

Laighin v Southern Kings

Dé hAoine @ 19:55

[Attachment]

Beidh Cúige Laighean ar ais ag imirt san RDS oíche Dé Aoine seo i gcoinne na Southern Kings, is é seo a gcéad chluiche sa bhaile le ceithre seachtainí.

Tá foireann Leo Cullen ina suí go compórdach ar bharr Roinn B agus sé chluiche le himirt go fóill, tá siad dhá phointe agus fiche chun tosaigh ar Dún Éideann agus Benetton a bhfuil 41 poinnte acu araon.

Níl Dave Kearney ar fáil don chluiche seo - fuair sé buille sa cheann sa chluiche i gcoinne Zebre. Ghortaigh Rhys Ruddock teannán a ioscaide le linn seisiún traenála an tseachtain seo agus ní bheidh sé ar fáil - agus tá Joe Tomane agus Dan Levy fós ag fáil comhar leighis.

Tá Robbie Henshaw indiaidh conradh trí bliana a aontú le Cumann Rugbaí na hÉireann rud a chiallóidh go mbeidh sé ag imirt do Chúige Laighean go Samhradh na bliana 2022 ar a laghad.

Tá na Southern Kings ag bun Rann B le naoi bpoinnte dhéag, ghéill an fhoireann 71 úd san Guinness Pro 14 an séasúr seo. Níor bhuaigh siad cluiche as baile an séasúr seo - agus is cinnte gur dúshlán an mhór dóibh an cluiche seo i gcoinne Laighin.