Fianna Fáil

03/14/2017 | Press release | Distributed by Public on 03/14/2017 10:14

Míshásta ag rogha an Ríaltas faoi bóithre in áiteanna Gaeltachta – Ó Muineacháin

Dúirt Teachta Dála Fhianna Fáil, Aindrias Ó Muineacháin go bhfuil fearg agus díoma air mar gheall ar chinneadh an Rialtas an scéim Bóithre Áise a chur ar cheal.

D'fhiafraigh mé ar an Aire chur in iúl dom cad iad na pléannana atá aici chun cúnamh a thabhairt do dhaoine nach bhfuil a mbóithre faoi chúram na gComhairlí Contae, agus an mbeidh sí sásta níos mó airgid a chur ar fáil do bhóithre sna ceantair Gaeltachta.

'D'inis an tÁire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta dom nach bheidh ar chumas a Roinne 'an scéim sin a athnuachan i mbliana mar gheall ar an éileamh airgeadais a eascróidh as chur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain agus an phróiseas phleanála teanga.

Sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas, gheall Fine Gael agus an Comhaontas Néamhsplach go mbeadh airgid bréise ar fáil don Scéim Feabhsúcháin Áituil.

'Sa bhuiséad deireanach, theip orthu an gealltanas sin a choiméad. Chaill muintir na Gaeltachta faoi dhó.'

'Nílim sásta leis an bhfreagra seo, agus beidh mé ag ardú an cheist arís leis an Aire nuair a bhíonn an Dáil ina suí an tSeachtain seo chughainn.

'Tá Muintir na Gaeltachta ar fud na tíre ag lorg cabhair éigin ón rialtais chun feabhas a chur ar a mbóithre atá ag titim as a chéile' arsa Ó Muineacháin

'Tá fíor gá ar phobail Gaeltachta chun feabhas a chur ar a mbóithre,' arsa ÓMuineacháin.